Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Tacsaí – ba Joe Bhilly an chéad tacsaí a thosaigh i nGaoth Dobhair agus thosaigh a athair Tadhg John Thaidhg ar tacsaí, ag tabhairt daoine chun Aifrinn ar dtús ar leoraí agus ar charr go Doire Beaga. | 00:04:21 | |
Thosaigh Páidí ag tiomáint go hóg agus fuair sé cead tiomána faoi ainm dhuine eile. A chuimhne ar an chéad uair a thug sé mná chun Aifrinn. Thug sé mná amach go Leitir Ceanainn go dtí an stáisiún agus chuaigh sé ar seachrán i gcúl an Earagail. Rith sé amach as peitreal. | 00:10:43 | |
In 1953 thosaigh Páidí ag tiomáint do CLG Ghaoth Dobhair. Ba in 1948 an chéad uair a chuaigh sé go Doire le daoine a phiocadh suas. In 1950 thug a athair carr do agus níor stad sé ag tiomáint ó shin. Bhí comhlacht busanna aige ar feadh blianta agus is cuimhne leis naoi bhus aige thuas in Larne uair amháin agus tá a chlann ag leanstan leis an obair sin ó shin. | 00:06:18 | |